|
Trí Rainn agus Amhrán, sin dán ina bhfuil trí rainn d’fhilíocht shiollach filíocht de réir an tseanchórais mheadarachta a bhí ag na Gaeil roimh an 17ú céad agus véarsa amháin ar mheadaracht an lae inniu, meadaracht rialta na n-amhrán. Tá 103 de na dánta sin againn anseo, a cumadh idir c.1670 agus 1860.
Tá a fhios ag gach duine go bhfuil ceangal láidir idir an chineál sin dáin agus Deisceart Uladh/Tuaisceart Laighean, ach is as Cúige Mumhan a thig an mhórchuid díobh a cumadh roimh 1700. Ach tháinig fás ina dhiaidh sin ar chumadh na ndánta seo i mBaile Átha Cliath agus in oirthear Chonnacht agus i nDeisceart Uladh/Tuaisceart Laighean. Tá ceann amháin sa chnuasach i nGaeilge na hAlban, ach bhí an file ina chónaí i gCúige Mumhan nuair a scríobh sé é.
Litríocht an lucht léinn atá sa fhilíocht seo, cosúil le soinéad an Bhéarla, agus is é an grá is ábhar do go leor acu. Ach is é an moladh an t-ábhar is coitianta ina measc, moladh ar ghaisceach nó ar shagart, ar fhile nó ar bhaile sin bua na seanfhilíochta Gaeilge, gan amhras. Tá dánta ann faoin chreideamh, ar ndóigh, agus aortha; filíocht phearsanta, filíocht éatrom agus magadh, comhairle faoin ól agus faoi na mná, agus a lán lán eile.
|
 |
|
|
|
£6.95 €9.99
|
|
|
Le tionndadh gu Gàidhlig na h-Alba
|
 |
|
|
|
£6.95 €9.99
|
|